Is gcuimhin liom go fóill nuair a chríochnaigh mé ar an meánscoil i gColáiste Ailigh, Leitir Ceanainn. Seo mé, arsa mise liom féin, amach ón seomra beag gruama agus ar aghaidh i dtreo na Cathrach Móire, mar a bhí Gaillimh ag an am in inchinn an stócaigh bhig shaonta. Bhí mé ag déanamh ag an am go mbeidh an tsaoirse agam na súailcí sa saol a bhaint amach, mar a bhí ól, cairde nua agus saol rómánsach dar ndóigh! Agus, leis an fhírinne a rá, sin go díreach mar a chaith mé dhá bhliain den chéim trí bliana seo, ag déanamh giota oibre anois is arís a choinneoidh ó dhoras an Déin mé agus a ligfidh dom an chuid is fearr de mo chuid ama a chaitheamh ag freastal na mbeár i gcuideachta mo chairde. Níor tháinig mórán rath faoi chúrsa grá, ach sin scéal eile!
D'athraigh an meon sin ionam thar thréimhse ama. Is dócha agus mé ag iarraidh níos sine agus níos cleachtaí ar an saol gur thug mé faoi deara nárbh fhéidir i gcónaí pé rud is mian leat a dhéanamh agus beag is fiú a dhéanamh de chúrsaí acadúla. Táim ag iarraidh mé féin a scaradh ón taobh sin de chúrsaí ollscoile níos mó agus níos mó, agus táim ag iarraidh díriú isteach ar mo chuid léinn agus an oiread eolais agus is féidir liom a bhaint ón chúrsa seo. Táim beagnach cinnte de cheana féin go dteastaíonn uaim cúrsa máistreachta a dhéanamh i mbliana sa Ghaeilge, agus táim ag súil go mór leis. Níl le déanamh idir an dá linn ach mo cheann a choinneáil sáite sna leabhair in áit í a bheith sáite sna piontaí! Sin ráite, tá Máirt Tír Chonaill, nó 'Donegal Tuesday' mar is fearr aithne air, ag teacht anuas i gceann seachtaine agus sin lá nach mbeidh mórán iomrá ar leabhair nó staidéar. Ach tá sos tuillte ag achan duine anois agus arís, nach bhfuil?
- Colm
Smaointe a ritheann liom agus mé in ainm's a bheith ag staidéar! Scéalta agus nascanna ón domhan mór chomh maith le dearcadh pearsanta an mhic léinn bhoicht!
February 14, 2013
Tús Nua, Mórchuid na hOibre
Blag nua, an teimpléad leadránach céanna! Cuireadh tús leis an mblagáil ar mhaithe le mo chuid scríbhneoireachta a chleachtadh, agus dár ndóigh is í sin go fóill an aidhm fhadtéarmach atá taobh thiar de 'Smaointe ón Champas'. Cheap mé go raibh na Tuairimí Éagsúla ag iarraidh ró-leathan agus ró-éagsúil óna chéile - smaoineamh íorónta agus teideal an bhlaig sin san áireamh! Ach leis an mblag nua seo táim ag iarraidh leanúnachas nádúrtha a thabhairt liom, le hábhair níos aibí agus níos tábhachtaí. Tá mar aidhm agam fosta scríobh de réir an Chaighdeáin Oifigiúil mar shílim gurb é an bealach is fearr le bolscaireacht na teanga a dhéanamh. Glactha an t-alt seo le Panu Petteri Höglund a léamh, aontaím leis go huile is go hiomlán. Tá súil agam postáil rialta a dhéanamh anseo, áit eile ar theip ar mo chéad iarracht. An ndéanfainn beart de réir briathair? Tá súil agam. Mar a deirtear sna scannáin, tuilleadh le teacht!
Mar phointe scoir, má léann duine ar bith daoibh an blag seo agus má fheiceann sibh pointí gramadaí ar bith mí-chruinn, bheinn thar a bheith buíoch dá gcuirfeá ar an eolas mé trí 'trácht' a fhágáil ag bun an phostála. Míle buíochas!
- Colm
Mar phointe scoir, má léann duine ar bith daoibh an blag seo agus má fheiceann sibh pointí gramadaí ar bith mí-chruinn, bheinn thar a bheith buíoch dá gcuirfeá ar an eolas mé trí 'trácht' a fhágáil ag bun an phostála. Míle buíochas!
- Colm
Subscribe to:
Posts (Atom)