February 14, 2013

Tús Nua, Mórchuid na hOibre

Blag nua, an teimpléad leadránach céanna! Cuireadh tús leis an mblagáil ar mhaithe le mo chuid scríbhneoireachta a chleachtadh, agus dár ndóigh is í sin go fóill an aidhm fhadtéarmach atá taobh thiar de 'Smaointe ón Champas'. Cheap mé go raibh na Tuairimí Éagsúla ag iarraidh ró-leathan agus ró-éagsúil óna chéile - smaoineamh íorónta agus teideal an bhlaig sin san áireamh! Ach leis an mblag nua seo táim ag iarraidh leanúnachas nádúrtha a thabhairt liom, le hábhair níos aibí agus níos tábhachtaí. Tá mar aidhm agam fosta scríobh de réir an Chaighdeáin Oifigiúil mar shílim gurb é an bealach is fearr le bolscaireacht na teanga a dhéanamh. Glactha an t-alt seo le Panu Petteri Höglund a léamh, aontaím leis go huile is go hiomlán. Tá súil agam postáil rialta a dhéanamh anseo, áit eile ar theip ar mo chéad iarracht. An ndéanfainn beart de réir briathair? Tá súil agam. Mar a deirtear sna scannáin, tuilleadh le teacht!

Mar phointe scoir, má léann duine ar bith daoibh an blag seo agus má fheiceann sibh pointí gramadaí ar bith mí-chruinn, bheinn thar a bheith buíoch dá gcuirfeá ar an eolas mé trí 'trácht' a fhágáil ag bun an phostála. Míle buíochas!

- Colm 

2 comments:

  1. Go n-éirí go gealgháireach leat ar an mblag nua, a chara!

    Tá tú ar liosta mo chomhbhlagálaithe anois..:-)

    ReplyDelete
  2. Gabhaim buíochas leat as ucht an aitheantais iontaigh sin!

    ReplyDelete