February 21, 2013

Máirt Thír Chonaill 2013

Bliain eile déanta, Donegal Tuesday eile curtha tharainn, agus na meáin ag scaipeadh scéal faoin ócáid. Bhí go leor plé déanta ar na pictiúir a scaip mar thine aitinn ar na meáin shóisialta Facebook agus Twitter go luath maidin Dé Máirt. Rinneadh plé ar líon na ndaoine óga, mic léinn ó chionn cionn na tíre a bheith ag fanacht le doras beáir a oscailt go luath ar maidin, go háirithe i ndiaidh gur cuireadh deireadh le Rag Week  bliain ó shin. Más fíor a rá gurbh olc an radharc líne a fheiceáil in aice an bhóthair, is féidir liom a rá gan drogall nár fhaca mé aon trioblóid ar thaobh an bhóthair chéanna. Cuireadh inár leith fosta gur Chonallaigh ba chúis leis an raic agus an clampar a tharla i Supermacs níos moille san oíche, ach tá físeáin Youtube ar an ábhar feicthe agam agus níor fhaca mé aon t-léine glas is buí ar chor ar bith sa slua sin. Pé scéal é, osclaíodh na ndoirse agus ligeadh isteach a raibh ar an sráid ag druidim ar an 11.


Is aoibhinn liom an lá seo. Is lá sa bhliain atá ann ar féidir le gach duine as Tír Chonaill atá sa chathair a theacht le chéile agus aithne a chur ar dhaoine eile ón cheantar. Tosaíodh é bliain nó dhó sular thosaigh mé i nGaillimh, agus tá sé ag fáil níos mó agus níos mó gach bliain ó shin. Dé réir an tseanchais thosaigh sé nuair a scaip fear téacs chuig cairde s'aige i nG.M.I.T. maidin amháin, agus de thairbhe cumhacht na meán agus na dtéacsanna gutháin tá sé ar cheann de na hócáidí is mó i nGaillimh anois. Scríobh mé chéana faoi Mháirt Thír Chonaill i 2011, agus shíl mé gur mhillteanach mór an slua a bhí ansin, ach bhí an beár an lá seo plódaithe le Conallaigh ó thús lae amach. Nuair a bhí mé sa bheár agus na daoine fuinniúla craiceáilte thart orm rith an oíche ar thóg muid Somhairle Mac Uidhir 'na bhaile ó Bhaile Átha Cliath liom, agus sin go díreach an cineál atmaisféar a bhí ar fáil san áit - bríomhar, sona, sultmhar.


Ar ais liom go cúrsaí an tsaoil anois, agus tá cúrsaí acadúla ach go háirithe chun tosaigh ar spraoi agus ar ól athuair. Ach níor féidir liom dearmad a dhéanamh de Mháirt Thír Chonaill, is lá millteanach maith amach is amach atá ann, agus má fhanann sé ar an bhfód tabharfaidh sé deis do Chonallaigh na Gaillimhe lá sa bhliain a chaitheamh lena chéile feasta, agus d'fhéadfá beag is fiú a dhéanamh de sin ach sílim go pearsanta go bhfuil tábhacht mhór leis.

Colm

February 14, 2013

Céim Ollscoile - Dhá Bhliain Óil + Bliain Staidéir = Am Iontach!

Is gcuimhin liom go fóill nuair a chríochnaigh mé ar an meánscoil i gColáiste Ailigh, Leitir Ceanainn. Seo mé, arsa mise liom féin, amach ón seomra beag gruama agus ar aghaidh i dtreo na Cathrach Móire, mar a bhí Gaillimh ag an am in inchinn an stócaigh bhig shaonta. Bhí  mé ag déanamh ag an am go mbeidh an tsaoirse agam na súailcí sa saol a bhaint amach, mar a bhí ól, cairde nua agus saol rómánsach dar ndóigh! Agus, leis an fhírinne a rá, sin go díreach mar a chaith mé dhá bhliain den chéim trí bliana seo, ag déanamh giota oibre anois is arís a choinneoidh ó dhoras an Déin mé agus a ligfidh dom an chuid is fearr de mo chuid ama a chaitheamh ag freastal na mbeár i gcuideachta mo chairde. Níor tháinig mórán rath faoi chúrsa grá, ach sin scéal eile!

D'athraigh an meon sin ionam thar thréimhse ama. Is dócha agus mé ag iarraidh níos sine agus níos cleachtaí ar an saol gur thug mé faoi deara nárbh fhéidir i gcónaí pé rud is mian leat a dhéanamh agus beag is fiú a dhéanamh de chúrsaí acadúla. Táim ag iarraidh mé féin a scaradh ón taobh sin de chúrsaí ollscoile níos mó agus níos mó, agus táim ag iarraidh díriú isteach ar mo chuid léinn agus an oiread eolais agus is féidir liom a bhaint ón chúrsa seo. Táim beagnach cinnte de cheana féin go dteastaíonn uaim cúrsa máistreachta a dhéanamh i mbliana sa Ghaeilge, agus táim ag súil go mór leis. Níl le déanamh idir an dá linn ach mo cheann a choinneáil sáite sna leabhair in áit í a bheith sáite sna piontaí! Sin ráite, tá Máirt Tír Chonaill, nó 'Donegal Tuesday' mar is fearr aithne air, ag teacht anuas i gceann seachtaine agus sin lá nach mbeidh mórán iomrá ar leabhair nó staidéar. Ach tá sos tuillte ag achan duine anois agus arís, nach bhfuil?

- Colm

Tús Nua, Mórchuid na hOibre

Blag nua, an teimpléad leadránach céanna! Cuireadh tús leis an mblagáil ar mhaithe le mo chuid scríbhneoireachta a chleachtadh, agus dár ndóigh is í sin go fóill an aidhm fhadtéarmach atá taobh thiar de 'Smaointe ón Champas'. Cheap mé go raibh na Tuairimí Éagsúla ag iarraidh ró-leathan agus ró-éagsúil óna chéile - smaoineamh íorónta agus teideal an bhlaig sin san áireamh! Ach leis an mblag nua seo táim ag iarraidh leanúnachas nádúrtha a thabhairt liom, le hábhair níos aibí agus níos tábhachtaí. Tá mar aidhm agam fosta scríobh de réir an Chaighdeáin Oifigiúil mar shílim gurb é an bealach is fearr le bolscaireacht na teanga a dhéanamh. Glactha an t-alt seo le Panu Petteri Höglund a léamh, aontaím leis go huile is go hiomlán. Tá súil agam postáil rialta a dhéanamh anseo, áit eile ar theip ar mo chéad iarracht. An ndéanfainn beart de réir briathair? Tá súil agam. Mar a deirtear sna scannáin, tuilleadh le teacht!

Mar phointe scoir, má léann duine ar bith daoibh an blag seo agus má fheiceann sibh pointí gramadaí ar bith mí-chruinn, bheinn thar a bheith buíoch dá gcuirfeá ar an eolas mé trí 'trácht' a fhágáil ag bun an phostála. Míle buíochas!

- Colm