February 21, 2013

Máirt Thír Chonaill 2013

Bliain eile déanta, Donegal Tuesday eile curtha tharainn, agus na meáin ag scaipeadh scéal faoin ócáid. Bhí go leor plé déanta ar na pictiúir a scaip mar thine aitinn ar na meáin shóisialta Facebook agus Twitter go luath maidin Dé Máirt. Rinneadh plé ar líon na ndaoine óga, mic léinn ó chionn cionn na tíre a bheith ag fanacht le doras beáir a oscailt go luath ar maidin, go háirithe i ndiaidh gur cuireadh deireadh le Rag Week  bliain ó shin. Más fíor a rá gurbh olc an radharc líne a fheiceáil in aice an bhóthair, is féidir liom a rá gan drogall nár fhaca mé aon trioblóid ar thaobh an bhóthair chéanna. Cuireadh inár leith fosta gur Chonallaigh ba chúis leis an raic agus an clampar a tharla i Supermacs níos moille san oíche, ach tá físeáin Youtube ar an ábhar feicthe agam agus níor fhaca mé aon t-léine glas is buí ar chor ar bith sa slua sin. Pé scéal é, osclaíodh na ndoirse agus ligeadh isteach a raibh ar an sráid ag druidim ar an 11.


Is aoibhinn liom an lá seo. Is lá sa bhliain atá ann ar féidir le gach duine as Tír Chonaill atá sa chathair a theacht le chéile agus aithne a chur ar dhaoine eile ón cheantar. Tosaíodh é bliain nó dhó sular thosaigh mé i nGaillimh, agus tá sé ag fáil níos mó agus níos mó gach bliain ó shin. Dé réir an tseanchais thosaigh sé nuair a scaip fear téacs chuig cairde s'aige i nG.M.I.T. maidin amháin, agus de thairbhe cumhacht na meán agus na dtéacsanna gutháin tá sé ar cheann de na hócáidí is mó i nGaillimh anois. Scríobh mé chéana faoi Mháirt Thír Chonaill i 2011, agus shíl mé gur mhillteanach mór an slua a bhí ansin, ach bhí an beár an lá seo plódaithe le Conallaigh ó thús lae amach. Nuair a bhí mé sa bheár agus na daoine fuinniúla craiceáilte thart orm rith an oíche ar thóg muid Somhairle Mac Uidhir 'na bhaile ó Bhaile Átha Cliath liom, agus sin go díreach an cineál atmaisféar a bhí ar fáil san áit - bríomhar, sona, sultmhar.


Ar ais liom go cúrsaí an tsaoil anois, agus tá cúrsaí acadúla ach go háirithe chun tosaigh ar spraoi agus ar ól athuair. Ach níor féidir liom dearmad a dhéanamh de Mháirt Thír Chonaill, is lá millteanach maith amach is amach atá ann, agus má fhanann sé ar an bhfód tabharfaidh sé deis do Chonallaigh na Gaillimhe lá sa bhliain a chaitheamh lena chéile feasta, agus d'fhéadfá beag is fiú a dhéanamh de sin ach sílim go pearsanta go bhfuil tábhacht mhór leis.

Colm

1 comment:

  1. Is cuma cé a thóg an clampar. Is ar mhuintir Thír Chonaill a smaoineoidh daoine mar gurb é sin an t-ainm atá ar an lá.

    ReplyDelete