April 4, 2013

Deireadh Céime


Is aisteach an rud a bheith críochnaithe le cúrsa. Bhí léachtaí deireanacha an BA agam an tseachtain seo  caite. Dúirt na léachtóirí (fear amháin ach go háirithe le hóráid inspioráidach) rudaí iontach deasa linn, agus beidh mé buíoch go deo as gach léachtóir a bhí agam ó thosaigh mé ar m'aistear ollscoile 4 bliana ó shin. Níor fhiú iad a lua anseo, ghabh mé buíochas go pearsanta le formhór na ndaoine uaisle sin cheana, agus gabhfaidh leis an chuid eile roimh dheireadh na scrúduithe.

Sin ráite, ní mhothaím pioc níos cliste i ndiaidh 4 bliana a chaitheamh ag 'staidéar'. Táim níos múiníneach, agus níos ábalta ar an Ghaeilge, cinnte, ach braithim anois agus arís nár bhain mé an oiread  tairbhe as an chúrsa seo agus ar bhain daoine eile. Chaith mé an t-uafás ama ag líonadh mo bhoilg faoi thithe tábhairne na cathrach in áit m'aigne a chur faoi imscrúdú i Leabharlann James Hardiman. Chaith mé (agus caithim fós) i bhfad níos mó ama ag amharc ar chluichí peile ná a bheith ag amharc trí Fhoclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhonaill. B'fhearr i bhfad liom an ghrian ná an Griannach!

Táim ag iarraidh an easpa díograise a chur i gceart i mbliana, oir glacadh liom ar an gcúrsa MA sa Nua-Ghaeilge (Cur síos an ar gCúrsa MA sa Nua-Ghaeilge). Idir an dá linn tá cúpla scrúdú agus aiste le cur díom, ach geallaim libh go mbeidh mé ag tapú an deis foghlaim 'cheart' a dhéanamh sa bhliain atá amach romham!

Beidh bliain eile agam leat, Áras na Gaeilge 

1 comment: