May 8, 2013

Seaimpíní!



Sin chugat foireann Ghaeil Fhánada, buaiteoirí soisir Comórtas Peile na Gaeltachta Áitiúla i dTír Chonaill.  Rinne siad éacht an deireadh seachtaine seo caite, i nGleann Cholm Cille, nuair a bhuaigh siad Naomh Náille ar scór 3-9 Gaeil Fhánada, 0-9 Naomh Náille.

In ainneoin gur cuireadh fear den pháirc ó Ghaeil Fhánada laistigh den chéad bhomaite, agus cúis mhaith leis, choinnigh an fhoireann leo ag déanamh na hoibre agus ag obair as láimh a chéile. Bhí siad faoi bhrú mór in amanna ach tháinig cúl ó Mhíchéal Mac Suibhne agus péire cúl de chuid Seamie Ó Fríl ó chiceanna éirice aniar aduaidh ar fhoireann Naomh Náille. Cuireadh cúlbáire an fhreasúra ón pháirc sa dara leath fosta, rud a éadromaíodh an t-ualach ar chosantóirí Fhánada. Sa deireadh bhris spiorad Naomh Náille agus scóráil Gaeil Fhánada go láidir sna bomaití deireanacha den chluiche, ach ní raibh an cluiche chomh éasca acu agus a shílfeá ag amharc ar an scór deireanach.

Rachaidh an fhoireann ar aghaidh ag tús na míosa seo chugainn chuig an Rinn i bPort Láirge, áit a mbeidh siad ag caitheamh súl ar na buaiteoirí áirithe eile i gcraobh soisir na bhfear. Tá súil agam go mbeidh mé ábalta a bheith ansin, mar deirtear liom gurb iontach an craic agus an spraoi ag Comórtas Peile na Gaeltachta nuair a thagann na foirne le chéile in áit amháin. Chífidh muid, a chairde. Táim ag traenáil anocht don chéad uair in aghaidh dom bogadh abhaile ó chathair na Gaillimhe ag an deireadh seachtaine. Is fada ó tharraing mé péire bróga peile orm, nó ó dhearna mé aon chineál  aclaíochta ar chor ar bith, agus nílim ag súil leis go ró-mhór leis an fhírinne a insint, ach caithfear tús a chur le gach rud. Guígí ar mo shon!

No comments:

Post a Comment