June 6, 2013

Lá Mór don Pharóiste!

Seaimpíní Craobh Sóisear Comórtas Peile na Gaeltachta, C.L.G. Gaeil Fhánada

Is leantóir mór spóirt mé, agus táim i gcónaí i mo shuí os comhair na teilifíse ar an Satharn agus ar an Domhnach ag amharc ar chluiche sacair, nó ar na cluichí gaelacha, nó pé rud eile atá ag craoladh ar an mbosca beag. Is minic mé i mo shuí go mall san oíche ag coinneáil súil ar m'fhoirne Chicago le feiceáil an bhfuil aon dul chun cinn á dhéanamh ag na Chicago Cubs agus na Chicago Bears.I gcaitheamh na mblianta tá buaicphointí agus pointí ísle sroichte agam, agus shíl mé gurb é an t-uasphointe den iomlán nuair a bhuaigh Tír Chonaill an Craobh Uile-Éireann. Ach seans gur ruaigeadh na laoithe siúd ón ardán, ar feadh tamaill, ar a laghad . . .

Ní raibh ach 5 nóiméad fágtha sa chluiche. Bhí muintir na nOileán, C.L.G. Oileáin Árainn, 8 pointe chun tosaigh, i ndiaidh do C.L.G. na háite seo, Gaeil Fhánada, an cluiche ba mheasa a d'imir siad leis na cianta. Níor aimsigh siad sa chéad 55 nóiméad ach 0-4 pointe, agus bhí na hÁrainnigh slán sábháilte, 1-9 ar an mbord acu agus an t-am ag sileadh mar a dhéanfadh gaineamh ar thrá. D'imir Oileáin Árainn go cliste agus go slachtmhar, chosain siad go díograiseach agus ghlac siad a gcuid deiseanna agus iad ar an ionsaí. Chuir Gaeil Fhánada an t-uafás ciceanna ar fóraoil,  agus in ainneoin iarrachtaí cúpla fear (Marcus Ó Fríl a sheas amach ach go háirithe dom go pearsanta), bhí gach cuma ar an scéal go mbeadh siad ag tabhairt faoin turas fada, fada ó thuaidh agus lámh amháin chomh fada leis an lámh eile.

Ach, a chairde, tharla rud . . .

Bhuel, cúpla rud . . .

1. Marcus Ó Fríl. Fuair sé seilbh na caide óna dheartháir Seamus ar an líne cúig mhéadar is daichead, rith thar péire fear ar nós na gaoithe móire a shéideann go minic ar pháirc peile na nGael i bPort an tSalainn i bhFánaid, agus chiceáil an liathróid an t-aon áit nach raibh an cúl báire ábalta ar í a aimsiú.

2. Pádraig Ó Siail. Agus an t-am imeartha ag an réiteoir, chuir Seamus Ó Fríl (óg) cic ón líne cúig mhéadar is daichead i measc an tslua a bhí cruinnithe thart ar chúl na nOileán, agus chuaigh paidir gach fear agus bean Fhánada in airde leis an liathróid chéanna. D'fhán sí mar a d'fhanfadh balún, ach tháinig anuas sa deireadh, áit ar cuireadh dorn uirthi a chuir i dtreo an chúil í. Cuireadh dorn eile léi agus í ar a bhealach ar fóraoil, agus luí sí go ciúin, socair in eangach na nOileánach ar teacht chun talaimh di.

Paddy Shiels agus an gcúl cinniúnach
Phléasc an slua ó Fhánaid a bhí i láthair, cuid acu a d'fhág an leithinis go han-luath ar maidin sa dóigh is go mbeadh siad thíos don chluiche. Phléasc na daoine, cosúil liom féin, a bhí sna beáir thart faoin leithinis sa bhaile. Agus, mo fhocal leat, a chairde, nach bhfuil fear ar bith de chuid Gaeil Fhánada a raibh an cúl tuillte aige mar a bhí Paddy. Is dócha go bhfuil duine amháin ag gach foireann ar fud na tíre, an duine a chaitheann a chuid leis an gclub gan aitheantas nó a dhath eile a lorg. Is fear é Paddy a d'imir leis an bhfoireann shinseareach ón chéad am a bhfaca mé cluiche. An mhí seo a chuaigh thart, phós sé agus d'imir sé an cluiche ceannais thíos i nGleann Cholm Chille an deireadh seachtaine céanna. In am an ghátair, tharraing dorn Phaddy anáil eile ó chorp na nGael, agus chríochnaigh an cluiche ar comhscór, 1-9 ag Árainn agus 2-6 ag Gaeil Fhánada.

Níorbh fhiú cur síos a dhéanamh ar an am breise. Briseadh spiorad na gConnachtach ag deireadh an chluiche, agus in ainneoin gurbh iadsan a d'imir i bhfad ní ba fhearr, agus in ainneoin go raibh siad chun tosaigh ar Ghaeil Fhánada ó thús go beagnach deireadh an chluiche, theip orthu sa deireadh an cluiche a bhaint. Téann mo chroí amach leo, a d'imir le clisteacht agus le spiorad, in éadan rogha na coitiantachta. Ach seo mar a tharlaíonn sa spórt go minic, agus sin go díreach an rud a mheallann muid ina threo. B'fhéidir nach bhfuair siad cothrom na Féinne, ach thaispeáin Gaeil Fhánada crógacht, misneach agus muinín ag deireadh an chluiche a chuireann seaimpíní ar ardán leo féin.

Bhí ceiliúradh ann go maidin, mar a bheifeá ag dream leis! Ní ró-mhinic a fhaightear seaimpíní uile-Éireann sa cheantar seo. Mairfidh cuimhne ar an gcluiche i bhfad thart faoin cheantar, agus beidh an  gcúl cinniúnach sa seanchas ar feadh i bhfad..



No comments:

Post a Comment